Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
A chéad chuimhne agus an saol mar a bhí ar na Dúnaibh. Ba iascaireacht an slí beatha a bhí ag dream na nDúnaibh. Ta cuntas maith ag Barnaí ar iascaireacht na scadáin. Bhítí a ndíol ar an mhargadh achan lá agus a gcur chun na Gearmáine. Ba leathbháid a bhí ag iascairí na nDúnaibh (half deckers) agus ní raibh siad ábalta coimhlint leis na báid mhóra. Cuntas maith ar seo uilig. | 00:08:34 | |
Scéal faoi beirt fhear (iascairí) a rinne iascaireacht curaigh amach ó bhá na nDúnaibh le linn am an dara chogaidh. | 00:04:54 | |
Ní dhearna Barnaí iascaireacht slata ariamh, ní raibh mórán dúil ag a mháthair in duine ar bith acu a bheith ag iascaireacht, cailleadh deartháir léi (uncail Bharnaí), John Duffy agus é ag iascaireacht. | 00:01:03 | |